domhainbhrionnú

Domhainbhrionnuithe Nuair a Théann Teicneolaíocht Thar Fóir

Blag ag caint faoi dhomhainbhrionnuithe – na contúirtí a bhaineann leo, an chaoi a n-oibríonn siad, an dochar a dhéanann siad do dhaoine cosúil le Georgia Harrison, torthaí mo shuirbhé féin, agus na ceachtanna a d’fhoghlaim mé trí thaighde, cúrsa ar líne agus machnamh pearsanta ar shábháilteacht dhigiteach.,

Caoimhe Mc Goldrick

  • Domhainbhrionnuithe: Nuair a Théann Teicneolaíocht Thar Fóir

    “When Seeing Is No Longer Believing” (Bajarin, 2025)

    Is físeáin, grianghraif nó guthanna bréige iad domhainbhrionnuithe (deepfakes) a bhfuil cuma fhíor orthu mar go n-úsáideann siad hintleacht shaorga. Úsáideann siad teicneolaíocht ar a dtugtar Generative Adversarial Networks (GANs). Ciallaíonn sé sin go n-oibríonn dhá chóras ríomhaireachta i gcoinne a chéile, cruthaíonn ceann acu an t-ábhar bréige agus déanann an ceann eile iarracht é a aithint. De réir mar a leanann siad ar aghaidh, éiríonn an físeán níos réadúla. Sa deireadh, is féidir le AI aghaidh nó guth duine a chóipeáil ionas go bhfeictear go ndúirt nó go ndearna siad rud éigin nár tharla riamh.

    Nuair a tháinig deepfakes chun cinn ar dtús, bhí siad úsáideach agus cruthaitheach. Sa tionscal scannán, is féidir iad a úsáid chun aisteoirí a dhéanamh níos óige, radhairc a dheisiú nó scannáin a aistriú go teangacha eile mar shampla i ‘Fast and Furious’ nuair a fuair Paul Walker bás bhí siad in ann domhainbhrionniú a dhéanamh dá haghaidh chun an scannán a chríochnú. In oideachas, is féidir leo stair a thabhairt beo nó cúrsaí ar líne a dhéanamh níos spéisiúla. Ach cosúil le go leor teicneolaíochtaí, tá taobh dorcha ann freisin. Úsáidtear deepfakes anois chun bréagaisnéis a scaipeadh, polaitíocht a ionramháil, daoine a chamscéim, agus ábhar príobháideach a roinnt gan chead. Scaipeann na físeáin seo go tapa ar líne agus déantar é níos deacra a thuiscint cad atá fíor.

    Sin é an fáth go bhfuil deepfakes ina fadhb mhór eiticiúil agus shóisialta. Cuireann siad príobháideachas agus cáil daoine i mbaol agus déanann siad dochar do mhuinín an phobail as an idirlíon. Sa chúrsa ar líne a rinne mé le ‘My great learning’, d’fhoghlaim mé cé chomh tábhachtach is atá freagracht agus macántacht i dteicneolaíocht. Sa suirbhé a rinne mé, dúirt formhór na ndaoine gur chuala siad faoi deepfakes, agus go mbeadh siad muiníneach go leor chun an difríocht a aithint idir gnáthíomhá agus bréagíomhá dhomhain, ach an bhfuil sé sin fíor?. Léirigh an clár faisnéise faoi Georgia Harrison an taobh daonna. conas is féidir ábhar digiteach a úsáid chun duine a ghortú nó a náiriú.

    Sa blagmhír seo, beidh mé ag plé leis na rioscaí, na ceisteanna eiticiúla, agus na ceachtanna a bhaineann le deepfakes, agus conas is féidir linn a bheith níos airdeallaí agus níos freagraí sa saol digiteach.

    (Parekh, 2024)

    Ó Míthuiscint go Fiosracht: Mo Phróiseas Foghlama

    Sular thosaigh mé ar an tionscadal seo, ní raibh tuiscint cheart agam féin ar deepfakes. Chuala mé faoin dteicneolaíocht ó na meáin shóisialta, ach cheap mé gur scagaire nó cleas éigin a bhí ann a úsáideann daoine le haghaidh greann. Níor smaoinigh mé riamh gur rud dáiríre nó contúirteach a bhí ann. Ní raibh mé ag tuiscint go bhféadfadh físeán bréige a bheith chomh réadúil sin, ná go bhféadfadh sé dochar mór a dhéanamh do dhaoine.

    Roghnaigh mé an topaic seo mar bhí fonn orm níos mó a fhoghlaim faoi teicneolaíocht atá ag forbairt chomh tapa sin, agus mar gheall go gcaitheann muid an-chuid ama ar ár bhfóin agus ar na meáin shóisialta. Theastaigh uaim tuiscint níos cruinne a fháil ar an gcaoi a gcuirtear eolas bréagach ar fáil agus cad iad na hiarmhairtí do phríobháideachas daoine.

    Nuair a d’fhéach mé ar an gcúrsa, thuig mé go tapa go bhfuil deepfakes i bhfad níos casta agus níos dáiríre ná mar a cheap mé. Bhí sé suimiúil foghlaim faoin gcaoi a gcruthaítear iad agus cé chomh réadúil agus is féidir leo a bheith. Mhúscail sé sin fiosracht ionam, ach freisin beagán imní. Thosaigh mé ag smaoineamh ar an méid faisnéise a roinnim ar líne, agus ar cé chomh héasca is atá sé é a úsáid gan mo chead.

    Bhí tionchar láidir ag an gclár faisnéise faoi Georgia Harrison orm. Chonaic mé an taobh daonna agus mothúchánach den scéal. Ní teicneolaíocht amháin atá anseo, ach fíordaoine a d’fhéadfadh a bheith gortaithe go dona. Chuir sé sin mé ag smaoineamh ar mo phríobháideachas féin agus ar dhaoine eile timpeall orm.

    Mhothaigh mé trua di, ach freisin fearg gur féidir ábhar bréagach nó mí-úsáid teicneolaíochta, saol duine a athrú ina hiomlán.

    Sa suirbhé a rinne mé, chonaic mé go raibh daoine eile sa staid chéanna liom roimhe seo,chuala siad faoin teicneolaíocht, ach ní raibh tuiscint cheart acu air. Mar sin, ba léir dom go raibh orm dul níos doimhne isteach san ábhar chun tuiscint dáiríre a fháil ar na ceachtanna a bhaineann le deepfakes.

    (Mygreatlearning.com, 2025)

    Mo Thúsphointe: Cad a Cheap Mé Roimh An Taighde A Dhéanamh.

    Le linn an taighde seo tháinig mé ar eolas agus tuiscint nach raibh agam riamh cheana. Bhí a fhios agam go raibh domhainbhrionnuithe ann agus go raibh siad ag éirí níos coitianta ach ní raibh aon thuiscint fhíordhomhain agam ar an gcaoi a n-oibríonn siad ná ar an mdochar pearsanta a dhéanann siad. Tháinig an léargas sin chugam trí mheascán den chúrsa ar líne, an doiciméadach le Georgia Harrison agus an suirbhé a rinne mé féin. Thug gach cuid den taighde píosa eile den phictiúr dom agus nuair a cuireadh le chéile iad fuair mé tuiscint i bhfad níos forleithne ar an bhfadhb.

    Ba é an cúrsa ar líne a d’oscail mo shúile ar dtús . Mhínigh sé ar bhealach simplí cén chaoi a n-úsáideann intleacht shaorga agus foghlaim dhomhain samhlacha ar nós GANs chun físeáin bhréige a chruthú a bhíonn chomh réalaíoch sin go mbíonn siad deacair a aithint. Chuir an cur síos ar GANs iontas orm. Is cosúil le comórtas idir dhá chuid den chóras é, cuid amháin ag déanamh na bhfíseán bréige agus an chuid eile ag iarraidh iad a bhrath. De réir a chéile éiríonn an córas níos cruinne agus níos cliste agus mar sin bíonn an domhainbhrionnú níos réalaíche. Ní raibh aon tuiscint agam ar an bpróiseas seo roimh an gcúrsa agus chuir sé seo go mór leis an bhfiosracht a bhí ionamfaoin ábhar.

    Léirigh an cúrsa dom freisin gur próiseas an-chasta a bhí i gcruthú domhainbhrionnaithe roimhe seo. Bhí códú ag teastáil agus tuiscint theicniúil nach mbeadh ag an ngnáthdhuine. Ach nuair a léirigh an cúrsa conas is féidir an rud céanna a dhéanamh i gceann cúpla soicind le huirlisí nua ar líne,  thuig mé go raibh an scéal athraithe go hiomlán. Ní gá saineolas a thuilleadh agus tá an chumhacht sin ag duine ar bith. Ba é sin an pointe a mhúscail an mothú ionam, bhí se i bhfad níos pearsanta dom. Bhí mé ag smaoineamh ag an bpointe sin go bhféadfadh duine ar bith íomhá nó físeán de dhuine a athrú gan chead agus go ndéanfadh sé sin dochar dá shaol.

    Thug an chuid eiticiúil den chúrsa orm ceisteanna eile a chur orm féin. Cé atá freagrach má úsáidtear íomhá duine gan chead. An leor é a rá gur teicneolaíocht í agus nach bhfuil aon duine i gceannas. Ní raibh na ceisteanna sin agam roimh an gcúrsa ach anois tuigim go bhfuil siad riachtanach agus go bhfuil an domhan fós ag iarraidh dul i dtaithí leis an dul chun cinn tapa seo.

    Cé gur thug an cúrsa an tuiscint theicniúil dom ba é an doiciméadach le Georgia Harrison a bhain leis an taobh daonna. Bhí sé deacair é a fheiceáil. D’inis Georgia scéal na bhfíseán a scaipeadh gan a cead agus na míonna a chaith sí ag déileáil leis an náire agus leis an strus a tháinig leis.Thaispeáin sé scéalta cailíní óga nach raibh físeán fíor díobh ann ach ar úsáideadh a n-aghaidheanna chun deepfakes agus íomhánna bréige “nudify” a dhéanamh gan a gcead. Bhí eagla orthu roimh dhaoine eile ag féachaint orthu agus bhí sé soiléir gur athraigh an taithí sin a saol ó bhonn.. Labhair cuid acu faoi faoi chailliúint muiníne iontu féin agus faoi eagla dul ar scoil nó dul amach in áit phoiblí. Léirigh sé dom go soiléir go dtarlaíonn an dochar céanna fiú mura bhfuil físeán fíor ann.  Bhí sé fíor agus pearsanta agus bhrúigh sé orm smaoineamh ar an mbaol a bhaineann leis na híomhánna atá ar ár bhfóin agus ar ár gcuntais féin.

    Léirigh an doiciméadach dom freisin gur ábhar atá ag síorathrú é seo. Luaíodh dlíthe mar Coco’s Law agus an Online Safety Act agus conas a chuireann siad cosaint ar fáil do dhaoine. Ní raibh mé ar an eolas faoi seo roimh ré agus thuig mé go bhfuil céimeanna déanta ach nach leor iad. Tá na dlíthe fós ag streachailt chun dul sa tóir ar theicneolaíocht atá ag forbairt chomh tapa sin.

Thug an suirbhé a rinne mé féin léargas eile dom agus ba mhór an chabhair é chun tuiscint a fháil ar an bpobal. Rinne 22 duine an suirbhé agus bhí siad ar fad ar an eolas faoi dhomhainbhrionnuithe. Ach ní raibh muinín ag an gcuid is mó acu, go bhféadfaidís iad a aithint. Bhí an tromlach acu buartha faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an teicneolaíocht seo ar an tsochaí. Cheap formhór an phobail nach leor na dlíthe atá ann faoi láthair agus go bhfuil cosaint níos fearr de dhíth. D’fhág sé sin mé ag smaoineamh. Má tá faitíos ar dhaoine óga agus mura bhfuil siad muiníneach go hiomlán faoi na rudaí a fheiceann siad ar líne, léiríonn sé sin bearna mhór idir feasacht agus tuiscint.

Nuair a chuir mé na trí fhoinse eolais le chéile tháinig pictiúr iomlán os mo chomhair. Chuir an cúrsa an cúlra teicniúil ar fáil. Thaispeáin an doiciméadach dom an taobh mothúchánach agus an dochar a dhéanann an teicneolaíocht ar dhaoine. Chuir an suirbhé léargas ar fáil ar an bpobal agus ar a gcuid imní féin. Níl aon chuid acu ann ina haonar a thug pictiúr ceart dom. Ach le chéile thug siad an tuiscint iomlán a bhí de dhíth orm. Má tá tuiscint le bheith againn ar dhomhainbhrionnuithe, caithfear tuiscint a bheith againn ar an teicneolaíocht, ar an dlí agus ar an duine.

Tá nasc soiléir agam anois idir an topaic seo agus mo shaol féin. Úsáidim meáin shóisialta gach lá agus roinnim pictiúir agus físeáin gan mórán machnaimh uaireanta. Tar éis an taighde seo thuig mé go bhféadfadh aon duine a bheith i mbaol. Ní gá duit a bheith cáiliúil. Ní gá go mbeadh tú i scannal. Is leor íomhá amháin nó físeán amháin agus is féidir an rud mícheart a dhéanamh de. Thuig mé freisin go bhfuil freagracht orainn mar úsáideoirí agus gur gá dúinn a bheith níos airí agus níos eolasaí.

Is é an rud is mó atá foghlamtha agam ná go bhfuil an fhírinne ar líne i bhfad níos casta ná mar a cheap mé riamh. Ní leor an rud a fheicimid a ghlacadh mar fhírinne. Caithfimid smaoineamh, ceistiú agus a bheith cúramach. Chuir an taighde seo orm breathnú ar an domhan digiteach ar bhealach níos criticiúla agus is cinnte go mbeidh tionchar aige sin orm go fadtéarmach.

https://www.tiktok.com/@georgialouiseharrison/video/7434244389993532704

Ó Fhiosrú go Feasacht: Mo Chur i bhFeidhm an Eolais 

Ar dtús, ní mór dom a admháil go raibh muinín an-mhór agam as fhíseáin agus íomhánna ar líne. Bhí sé nádúrtha dom glacadh leis an méid a fheicim. Mar dhuine atá i mo fhichidí agus a d’fhás aníos leis na meáin shóisialta, is cuid dhílis d’ár saol é físeán: tá sé tapa, éasca agus cuma iontaofa air. Níor smaoinigh mé riamh go dáiríre ar an bhféidearthacht go mbeadh físeán bréige chomh réalaíoch sin go mbeadh sé dodhéanta idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Ba í sin an chéad nasc a chonaic mé idir an t-eolas nua agus mo theacht aniar féin. thuig mé nach raibh an muinín a bhí agam roimhe seo bunaithe ar aon tuiscint chriticiúil, ach ar nós agus ar thraidisiún.

Mheas mé i gcónaí go raibh ‘an fhírinne le feiceáil’, ach mhúin an cúrsa ar líne dom gur coincheap an-íogair é sin anois. Mhínigh an cúrsa domhsa go soiléir conas a oibríonn domhainbhrionnuithe, agus go háirithe conas a úsáideann GANs idirghníomhú idir gineadóir agus idirdhealaitheoir chun físeán bréige a dhéanamh níos réalaí de réir a chéile. Chuir sé iontas orm méid na teicneolaíochta atá taobh thiar den phróiseas seo, agus thuig mé nach bhfuil aon bhaint ag an réaltacht leis an méid a thaispeántar dúinn. Sin é an chéad uair ar thuig mé i gceart an nasc idir teoiric agus cleachtas: ní teicníocht chiúin ar fhreastalaí ríomhaire é seo, is teicneolaíocht í atá in ann ár dtuairimí agus ár gcinnteacht a athrú.

Chuir an déine a bhaineann le domhainbhrionnuithe nua-aimseartha alltacht orm nuair a thuig mé gur féidir anois iad a chruthú i soicindí trí uirlisí nua. D’fhéach mé ar an bpróiseas i Python agus mhothaigh mé cé chomh casta is a bhí sé, próiseas a thógfadh ama agus teanga ríomhchláraithe. Ach anois ní gjhá leis sin ar chor ar bith. Tá an chumhacht sin ar fáil do dhuine ar bith. Ba é sin an dara nasc mór a chonaic mé: tuigim anois go bhfuil an baol i bhfad níos leithne ná mar a cheap mé riamh. Ní bhaineann sé le saineolaithe a thuilleadh. Tá sé i lámha an phobail.

(Miami.edu, 2025)

Chuidigh mo chuid oibre san idirlíon agus le GDPR le linn m’inteirneachta i WTW liom nasc soiléir a chruthú idir an t-eolas nua seo agus mo thaithí roimhe seo. Bhíomar ag déileáil go leanúnach le sonraí pearsanta, le cead agus le sábháilteacht faisnéise. Níl aon bhealach ann anois chun neamhaird a dhéanamh ar an bhfhírinne go bhfuil íomhánna agus físeáin ina gcuid de na ‘sonraí’ sin freisin. Is féidir iad a íoslódáil, a athrú, a mhodhnú agus a scaipeadh. Níor smaoinigh mé riamh air sin ar bhealach chomh láidir. Bhí sé de nós agam smaoineamh ar shonraí mar ainmneacha, uimhreacha nó seoltaí. Ach anois tuigim go bhfuil maghaidh féin agus fiú mo ghluaiseachtaí sa domhan digiteach mar chuid de na sonraí sin atá le cosaint. Tugann sé sin luach nua don eolas a bhí agam cheana faoi GDPR. Tuigim anois an nasc idir an teoiric agus an cleachtadh i bhfad níos soiléire ná mar a thuig mé riamh.

Níor tháinig fíortheagmháil leis an ábhar, áfach, go dtí gur fhéach mé ar an doiciméadach le Georgia Harrison. Cé gur chabhraigh an cúrsa liom an teicneolaíocht a thuiscint, ba é an doiciméadach a thug an tuiscint dhaonna dom. Bhí sé deacair féachaint ar a scéal agus ar scéalta na mban óga eile a ndearnadh mí-úsáid íomhánna díobh. Chonaic mé go soiléir an dochar mothúchánach, an náire, an eagla agus an frustrachas. Bhí sé soiléir nach bhfuil sé seo teoiriciúil ar chor ar bith, is fíor-sceal é a théann i bhfeidhm ar shaol agus ar fhéiniúlacht daoine. Chuir sé sin mé ag smaoineamh ar mo shaol féin agus ar na rudaí a roinnim go neamhbhalbh ó lá go lá. Thuig mé nach gá go mbeadh duine cáiliúil chun a bheith i mbaol. Is leor íomhá. Is leor físeán. Is leor duine mícheart ag an am mícheart.

Nuair a rinne mé an suirbhé, fuair mé léargas níos mó ar an bhfírinne sin. Bhí sé soiléir go raibh eolas ag daoine, ach ní raibh tuiscint dhomhain acu. Bhí imní mhór ar dhaoine óga agus ní raibh siad cinnte cén chosaint a bhí ar fáil dóibh. Thug sé sin léargas dom ar an gceann deireanach den nasc idir teoiric, cleachtas agus taithí phearsanta,níl aon duine ag mothú go hiomlán sábháilte. Tá bearna mhór idir an méid atá ar eolas ag daoine agus an méid a thuigeann siad.

Thosaigh mé ansin ag smaoineamh ar conas is féidir an t-eolas seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil i mo shaol féin. Is é an chéad athrú mór atá tagtha orm ná: go smaoiním i bhfad níos criticiúla faoi gach píosa ábhair a fheicim ar líne. Ní ghlacaim le físeán mar an fhírinne a thuilleadh gan machnamh. Déanaim iarracht iniúchadh beag a dhéanamh: cá as a tháinig sé, an bhfuil an fhoinse iontaofa, an bhfuil cuma aisteach ar an srón nó ar ghluaiseachtaí na liopaí? Tá sé cosúil le scil nua atá agam anois, scil nach raibh agam roimhe seo. Maidir le mo chuid postála féin, táim i bhfad níos cúramaí freisin. Ní roinnim íomhánna go tapa anois agus smaoiním i gcónaí ar cé a d’fhéadfadh iad a fheiceáil nó a úsáid.

Tá a fhios agam freisin go mbeidh tionchar ag an eolas seo ar mo shaol oibre amach anseo. Má bhím ag obair le sonraí nó le hábhar digiteach, beidh orm smaoineamh i gcónaí ar an bhféidearthacht go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as. Beidh orm smaoineamh ar chead, ar phríobháideachas agus ar fhreagracht ar bhealach níos láidre ná riamh. Táim ag tuiscint i bhfad níos fearr anois gur cuid bheag den scéal atá sa teicneolaíocht, is iad na daoine atá thíos leis an bhfíorscéal.

Ní raibh an taighde seo éasca. Bhí an chuid theicniúil dúshlánach agus bhí sé tógálach ó thaobh ama. Ach ba é an cuid mhothúchánach ba dhéine. Bhí sé deacair breathnú ar íospartaigh agus ar an dochar a rinneadh dóibh. Bhí sé dúshlánach freisin glacadh leis an bhfírinne go bhféadfadh sé seo tarlú do dhuine ar bith, mé féin san áireamh. Ach trí na dúshláin sin ar fad, tá scileanna agus tuiscint nua agam nach mbeadh agam murach an tionscadal seo. Tá cur amach agam ar theoiric, ar eitic, ar theicneolaíocht agus ar an bpobal, ach thar aon rud eile, tá comhbhá agus feasacht agam anois.

Nuair a chuirim gach rud le chéile, tuigim anois go bhfuil domhainbhrionnuithe i bhfad níos mó ná teicneolaíocht atá ag dul i bhfeabhas. Is ceist dhaonna í, ceist shóisialta agus ceist eiticiúil. Tá tionchar aici ar chultúr, ar mhuinín agus ar chosaint. Agus anois go bhfuil an tuiscint sin agam, tá a fhios agam go mbeidh mé níos cúramaí, níos airdeallaí agus níos freagraí ar mo shaol digiteach amach anseo.

Nuair a smaoiním siar ar an méid a d’fhoghlaim mé, tuigim go bhfuil difear mhór idir eolas teoiriciúil agus eolas a bhaineann tú amach ar bhealach pearsanta. Thosaigh mé ar an tionscadal seo le fiosracht éigin, ach gan tuiscint fhíordhomhain ar an ábhar. Cheap mé ar dtús gur teicneolaíocht spéisiúil, beagáinín aisteach a bhí i gceist le domhainbhrionnuithe – rud a bhí suimiúil ó thaobh na meán sóisialta de, ach nach raibh mórán tionchair aige orm féin. Tar éis an taighde, áfach, tá sé soiléir dom anois nach ábhar teicniúil amháin é seo, ach ábhar atá ceangailte le daoine, le mothúcháin, le sábháilteacht agus le muinín. Sa chuid seo den bhlagmhír, déanfaidh mé cur síos ar an gcaoi a chuir an t-eolas nua seo isteach orm, conas a nascann sé leis an méid a bhí ar eolas agam roimhe seo, agus cén tionchar atá aige ar mo thuiscint agus ar mo shaol féin anois.

https://deepfake-total.com/spot_the_video_deepfake/? Chun fháil amach an bhfuil tú in ann domhainbhrionnú a aimsiú?

Tagairtí

ITVX. (2025). Georgia Harrison: Porn, Power, Profit – Series 1 – Episode 2 – ITVX. [online] Available at: https://www.itv.com/watch/georgia-harrison-porn-power-profit/10a5998/10a5998a0002 [Accessed 25 Nov. 2025].

Deepfakes (2020). Deepfakes. [online] Google Docs. Available at: https://docs.google.com/forms/d/14B2QLBiMFwWI5f2q4tTyz_4UgFafs4CO5ZxEi837W1g/edit#responses [Accessed 25 Nov. 2025].

Mygreatlearning.com. (2025). Greatlearning login. [online] Available at: https://olympus.mygreatlearning.com/courses/64315?th=b&pb_id=581 [Accessed 25 Nov. 2025].

téarma.ie. (2025). ‘deepfake’. [online] Available at: https://www.tearma.ie/q/deepfake/ [Accessed 25 Nov. 2025].

Sample, I. (2020). What are deepfakes – and how can you spot them? [online] The Guardian. Available at: https://www.theguardian.com/technology/2020/jan/13/what-are-deepfakes-and-how-can-you-spot-them.

‌Deepfake-total.com. (2025). Deepfake Total Contribute. [online] Available at: https://deepfake-total.com/spot_the_video_deepfake/? [Accessed 25 Nov. 2025].

Tiktok.com. (2025). TikTok – Make Your Day. [online] Available at: https://www.tiktok.com/@georgialouiseharrison/video/7434244389993532704 [Accessed 25 Nov. 2025].

Reinwald, J. (2015). Cool Stuff #14: Social Media tips to think about before posting. [online] IonTuition | Student Loan Repayment Technology. Available at: https://www.iontuition.com/cool-stuff-14-social-media-tips-think-posting/.

Parekh, J. (2024). Deepfake Technology. [online] Medium. Available at: https://medium.com/@jessicap2299/deepfake-technology-155f02c77f7a [Accessed 25 Nov. 2025].

Miami.edu. (2025). IT News – Deepfakes: AI-Generated Synthetic Media – Can You Spot Them? | University of Miami Information Technology. [online] Available at: https://www.it.miami.edu/about-umit/it-news/phishing/deepfakes/index.html.

‌Bajarin, T. (2025). The Deepfake Dilemma: When Seeing Is No Longer Believing. Forbes. [online] 10 Nov. Available at: https://www.forbes.com/sites/timbajarin/2025/11/10/the-deepfake-dilemma-when-seeing-is-no-longer-believing/.